Do Ghnó le Gaeilge

Cad iad na buntaistí leis an Ghaeilge a úsáid le do ghnó?

5 nóim

am

Cuir do ghnó chun tosaigh le Gaeilge

Cén Fáth

Gnó le Gaeilge

CÉ?

Roinn an t-alt seo:

Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest

Clár

Do ghnó le Gaeilge

Thig leis a bheith deacair, más gnó beag atá agat, an t-am a aimsiú idirghníomhach a dhéanamh le do chustaiméirí ar line: idir do ghnó a reáchtáil, na horduithe a bhainistiú agus iniúchadh a dhéanamh, go minic ní bhíonn na meáin shóisialta mar thosaíocht. An bua is mó atá againn ná cuidiú le gnólachtaí an bearna seo a líonadh – is breá linn tacú le gnólachtaí beaga lena dtairgí a chur faoi bhráid dream níos leithne lenár n-ábhar margaíochta nuálach.

Cén fáth an Ghaeilge?

Is comhlacht muid a thacaíonn go mór leis an Ghaeilge mar gheall ar a tábhacht cultúrtha agus stairiúla. Tá muid bródúil mar gheall ar an ábaltacht atá againn gach ceann dár seirbhisí a chur ar fail trí Ghaeilge agus molann muid le gach gnó atá dairíre faoin Ghaeilge an dóigh cheart chun sin a dhéanamh.. Tuigeann muid chomh maith go bhfuil neart gnó ann ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid ina n-ábhar fógraíochta, ach nach bhfuil na hacmhainní/scileanna/am acu an t-ábhar a dhéanamh iad féin ón bhun agus nach bhfuil mórán Ghaeilge le fail sna gnáth stóir stoc-íomhánna/beochán atá curtha ar fáil do lucht an Bhéarla amháin. (más mian leat réimse níos fear íomhánna fógraíochta le Gaeilge, caith súil ar na hábhair shaor seo)

Cé go bhfuil níos mó oibre i gceist leis an Ghaeilge a chur le d’ábhar margaíochta ar line, seo am maith tabhairt faoi, dár linn. Tá deireadh ag teacht le ré an fhógraíocht phearsanta agus tá na táillí arda seachadtaí ag dul in olcas. Caithfidh gnólachtaí iarracht níos fear a dhéanamh a bheith solúbtha agus iad ag cothú na ceangail láidre sin lena gcustaiméirí.

Sa lá atá inniu ann tá costas I bhfad níos airde le custaméir nuafaighte a fháil agus tá níos mó branda ag díriú isteach ar dáimh níos doimhne a chothú leis na custaiméirí atá acu cheanna féin. Anois go bhfuil níos mó branda ar line, tá sé ag éirí níos deacra seasamh amach ón tslua. Amach anseo, beidh ar bhranda iad féin a idirdhealú ó chomhlachtaí eile – uaireanta, tá na rudaí nach seasann tú leo mar chomhlacht chomh tábhachtach agus na rudaí a seasann tú leo.

Ní chluinfidh aon duine na brandaí a dhéanann iarracht labhairt le cách. Cén dóigh a ndéanann tú idirdhealú ar do bhranda?

  • Cad é fealsúnacht do bhranda?
  •  Cén dóigh a ndéantar do thairge (go háitiúil m.sh)?
  • Cén dóigh a meallann tú do chustaiméirí (cén teanga atá in úsáid agat)?

 

Comhlíonann an Ghaeilge an trí ghné den idirdhealú thuas.

 

Ní chluinfidh aon duine na brandaí a dhéanann iarracht labhairt le cách.

Áis nach bhfuil leas bainte aistí go fóill

Sa ghiolc thíos a sheol @Bac_leGaeilge ar na mallaibh (grúpa a bhfuil sé d'aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn le gnólachtaí BÁC) feicimid chomh mór le líon na Gaeilgeoirí taobh amuig den chóras oideachais i mBÁC amháin.

Sa lá atá inniu ann, ní cheannaítear rud de bhrí amháin go bhfuil an custaiméir ag iarraidh an tairge sin. Iompríonn an ceannach sin beannacht an té atá ag ceannach agus is comhartha é i dtaca le luachanna an chustaiméara; na luachanna roinnte idir iad féin agus an branda. Tá custaiméirí tuillteanach níos mó a íoc más rud é go bhfuil luachanna an bhranda ag teacht lena luachanna féin.

Le muintir na hÉireann scaipthe fud fad an domhain, ní bheag an tionchar a bheadh le cúpla focal fiú agus lorg láidir do bhranda a fhágail i meon an chustaiméara. Meallann brandaí láidre níos mó custaiméirí go hórganach, fanann na custaiméirí céanna agus bíonn siad ábalta níos mó airgid a mhealladh uathu.

Download your free promo animations now