Cuid a 2 dár mblag faoin dóigh chun Ionsamhlú digiteach a chruthú ar scratch. Muna bhfuil sé déanta agat cheanna féin, beidh ort Scratch a íoslódáil ar dtús ag baint úsáide as an nasc seo.

 

Culaith

Fáilte romhaibh ar ais chuig cuid a 2 de Chód-vid 19: Códú le linn Covid.

Sa chuid seo den tsraith beimid ag cruthú 3 chulaith nua dár bponc buí:

culaith oráiste

dearg agus

glas

 

  léireoidh seo más rud é go bhfuil an ponc ionfhabhtaithe (oráiste), tinn (dearg) nó imdhíonach (glas); agus chomh maith le seo inseoidh muid don phonc dul chuig an áit céanna agus an chulaith chéanna a chur air gach uair a bhrúnn muid an brat glas. Amharc ar an fhíseán thíos:

 

scratch project (vid 2)

 

Athróg

Sa dara cuid, beimid ag socrú méid an daonra agus an luas gluaiseachta.

An gcuimhin leat sa chéad fhíseán gur chruthaigh muid 3 athróg?

  1. Gluaiseacht,
  2. Daonra agus,
  3. Ionfhabhtaithe.

Bhuel, an ciall atá le hathróg ná, go bunúsach, rud ar féidir léi athrú. Mar sin, is féidir uimhir difriúil a bheith i gceist do na hathróga seo gach uair a bhrúnn muid an brat glas.

 

 

Fiafraigh

 

Bainfidh muid úsáid as an chód ‘fiafraigh’ chun ceist a chur ar an imreoir agus ceanglóidh muid freagra an imreora leis an dá athróg, Daonra agus Gluaiseacht. Amharc san fhíseán thíos cad é go díreach mar a rinne mé seo:

 

scratch project (vid 3)